Baineann fianáin le ceann de dhá aicme: fianáin céad pháirtí (a socraímid iad) agus fianáin tríú páirtí (a socraíonn tríú páirtithe iad).
Fianáin Céad Pháirtí
Is muidne in Dyson a shocraíonn fianáin den sórt seo. Den chuid is mó, cumasaíonn siad feidhmiúlacht bhunriachtanach ar ár láithreán gréasáin. Áirítear fianáin Anailísíochta Gréasáin i measc na bhfianán seo freisin, rudaí a úsáidimid le tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár láithreáin ghréasáin ionas gur féidir linn iad a fheabhsú.
Fianáin Tríú Páirtí
Ní Dyson a shocraíonn fianáin tríú páirtí ach tríú páirtithe roghnaithe a n-oibrímid as lámha a chéile leo. Cumasaíonn cuid de na fianáin tríú páirtí seirbhísí áisiúla, mar shampla, ceistneoirí ar líne nó Comhrá Beo (a chuireann ar do chumas ceisteanna a chur ar shaineolaí de chuid Dyson). D’fhéadfadh sé go socródh líonraí fógraíochta a n-oibrímid leo roinnt fianáin eile le do ghníomhaíochtaí brabhsála a rianú, ionas go bhféadfaidís ár bhfógraí ar líne a chur sna háiteanna is oiriúnaí. Sa chuid thíos dar teideal “Fianáin a Bhainistiú”, mínímid duit cén chaoi ar féidir leat do shocruithe a athrú le go mbeidh a fhios ag tríú páirtithe (fógróirí san áireamh) nach mian leat go ndéanfaí tú a rianú.
Fianáin meán sóisialta
Ar roinnt leathanach ar ár láithreáin ghréasáin, ligtear duit inneachar a chomhroinnt trí láithreáin ghréasáin meán sóisialta ar nós LinkedIn, Facebook agus Twitter. Uaireanta déanfaimid físeáin a leabú isteach ó láithreáin ghréasáin amhail YouTube. Socraíonn na láithreáin sin a gcuid fianán féin, rud nach bhfuil neart againn air. D'fhéadfadh sé go mbeadh a gcuid polasaithe fianán féin ag na láithreáin meán sóisialta sin, a bheadh le fáil ar a láithreáin ghréasáin i bhformhór na gcásanna dá mba ann dá leithéid. Ba chóir duit súil ghéar a chaitheamh ar na polasaithe fianán sin lena chinntiú go bhfuil tú sásta leo.
Is féidir fianáin sna trí chatagóir thuasluaite a chatagóiriú tuilleadh ag brath ar cibé acu is fianáin seisiúin nó fianáin bhuana iad.
Fianáin seisiúin
Téann na fianáin seo in éag nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí (nó má bhíonn tú neamhghníomhach ar feadh tréimhse áirithe). Úsáidtear ar láithreáin ghréasáin ríomhthráchtála iad le gur féidir leat leanúint ar aghaidh ag brabhsáil gan a bhfuil curtha i do chiseán siopadóireachta agat a chailliúint.
Fianáin bhuana
Maireann na fianáin seo fiú tar éis an brabhsálaí a dhúnadh. Baintear úsáid astu le cuimhneamh ort le nach mbíonn ort pasfhocail ná eolas logála isteach a iontráil gach uair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin.
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo ar roinnt de na fianáin aonair a úsáidimid agus na fáthanna a n-úsáidimid iad.