Níl suim againn i ngach uile mhionsonra beo maidir leat a bhailiú. Is é an príomhfháth a mbailímid do chuid sonraí pearsanta ná chun feabhas a chur ar an tseirbhís, ar na táirgí agus ar na heispéiris a mbíonn tú féin agus ár gcuid custaiméirí go léir ag súil leo uainn.
Ní mar an gcéanna an sainmhíniú a thugtar ar shonraí pearsanta i ngach cearn den domhan. Le do phríobháideachas a dhearbhú agus lena chinntiú go gcosnófar do chuid faisnéise, is é an sainmhíniú a thugaimidne air ná aon fhaisnéis a d'fhéadfaí a úsáid le tú nó le duine aonair eile a aithint.
Bailímid sonraí pearsanta fút ar roinnt bealaí éagsúla. Sa chuid seo, mínímid na bealaí éagsúla a mbailímid sonraí pearsanta fút agus na bealaí a n-úsáidfear an fhaisnéis sin. Le tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi a n-úsáidimid do chuid sonraí pearsanta, féach an chuid dar teideal "Cén chaoi a n-úsáidimid do chuid sonraí pearsanta?".
Faisnéis a chomhroinneann tú linn
Bailímid sonraí pearsanta a chomhroinneann tú linn nuair a dhéanann tú teagmháil linn nó nuair a idirghníomhaíonn linn trínár láithreáin ghréasáin, aipeanna, r-phost, fón, go pearsanta i siopaí dár gcuid, ag seastáin agus imeachtaí, nó ar bhealach eile.
Mar shampla, tabharfaidh tú faisnéis dúinn nuair a dhéanann tú teagmháil lenár bhfoirne seirbhíse do chustaiméirí, nuair a dhéanann tú ordú, nuair a chláraíonn tú do bharánta, nuair a ghlacann tú páirt i suirbhé, comórtas nó ceistneoir, nuair a nuashonraíonn tú do shainroghanna agus faisnéis chuntais, nuair a nascann tú trí aip Dyson nó nuair a thugann tú rátáil ar cheann dár gcuid táirgí ar ár láithreán gréasáin.
D’fhéadfá faisnéis amhail d’ainm, seoladh, seoladh r-phoist, uimhir theagmhála agus faisnéis íocaíochta a roinnt linn ar an gcaoi sin. I gcásanna áirithe, ní mór an fhaisnéis sin a bheith againn le táirge nó seirbhís a d'iarr tú a chur ar fáil duit; mar shampla, teastaíonn uainn do chuid faisnéise íocaíochta nuair a cheannaíonn tú táirge, agus do sheoladh lena sheachadadh duit.
Agus tú ag nuashonrú na faisnéise i do chuntas, iarrfar ort faisnéis a sholáthar dúinn faoi do theaghlach, do theach agus an teicneolaíocht atá agat, d'ailléirgí agus na rudaí a bhfuil suim agat iontu, agus an rud is mó is maith leat faoi Dyson. Tá an fhaisnéis sin go léir roghnach, rud a fhágann gur féidir leat a roghnú cibé acu an mian nó nach mian leat í a chur ar fáil; is féidir leat iarraidh orainn í a scriosadh ag aon am freisin ach teagmháil a dhéanamh le foireann seirbhíse Dyson do chustaiméirí nó r-phost a chur chuig ár bhfoireann dhomhanda príobháideachais ag privacy@dyson.com.
Má chomhroinneann tú sonraí faoi dhaoine eile linn (mar shampla, má cheannaigh tú táirge Dyson don duine eile sin nó más rud é gur chláraigh tú duine eile d'aip Dyson), ansin beidh ort a chinntiú leis an duine sin go bhfuil sé/sí sásta go gcomhroinnfeá a c(h)uid sonraí pearsanta linn, agus go n-úsáidfimis de réir an pholasaí príobháideachais seo iad.
Faisnéis ó tháirgí Dyson
Chomh maith leis na sonraí pearsanta a chomhroinneann tú linn fút féin agus faoi do tháirge Dyson, déanfaimid sonraí pearsanta a bhailiú agus a láimhseáil go díreach ó do tháirgí nasctha Dyson. Is éard is táirge nasctha ann ná táirge de chuid Dyson atá “cliste”, cumasaithe don Idirlíon, nó a bhfeidhmítear trí aip Dyson é.
Baileoimid faisnéis faoin úsáid a bhaineann tú as táirgí nasctha dár gcuid (mar shampla, cathain agus cá fhad a úsáidtear iad), faoina bhfreagrúlacht agus faoi aon earráidí (nó earráidí féideartha) a thagann chun solais orthu.
Cuid den fhaisnéis a bhailímid faoin úsáid a bhaineann tú as táirgí agus aipeanna dár gcuid, cuirfidh sé ar ár gcumas suíomh an táirge nasctha a dhéanamh amach. Beidh ort rianú suímh a chumasú ar d'fhón (nó gléas eile) nuair a chláraíonn tú do tháirge nasctha den chéad uair (nó ní bheimid in ann é a nascadh). Tá sé úsáideach dúinn do shuíomh a bheith ar eolas againn le gur féidir linn tuiscint a fháil ar na coinníollacha timpeallachta ina bhfuil do tháirge nasctha ag feidhmiú, rud a chabhraíonn linn feidhmíocht an táirge nasctha a bharrfheabhsú.
Tha Dyson a' cleachdadh nan seirbheisean ionadachaidh airson comais-cheangail aig Android gus an urrainnear bathar Dyson a phaidhreachadh ri aplacaid ceanglaidh Dyson tro Bluetooth no WiFi. Thoir fa-near nach eil Dyson a' trusadh dàta ionadachaidh sam bith mar thoradh air a' cheangal seo.
Cuideachd, tha an Lightcycle againn a' cur feum air seirbheisean ionadachaidh sa chùlaibh gus:
Ùrachaidhean bathair-bhuig fhaighinn
- Àm a' bhathair a shioncronachadh ris an àm a tha air an inneal-làimhe cheangailte agad
- Atharraichean sam bith air sgeidealan no roghainnean a' bhathair agad a luchdadh no ath-dheasachadh
- A' phròifil solais cheart a ghleidheadh a-rèir ionad an t-solais agad
Thèid dàta ionadachaidh an Lightcycle neo-urrachadh an taobh a-staigh Dyson leis gu bheil an dàta ionadachaidh a' buntainn don bhathar, 's chan ann don neach-chleachdaidh.
Cuid dár dtáirgí nasctha nó gnéithe áirithe dár dtáirgí nasctha, ní bheidh siad in ann feidhmiú i gceart gan faisnéis áirithe a bhailiú. Mar shampla, ní mór don Dyson 360 Eye a bheith in ann seomra i do theach a léarscáiliú le go mbeidh a fhios aige cá háit le dul.
Faisnéis ó d'idirghníomhaíochtaí ar líne
Bailímid agus stórálaimid méid teoranta sonraí pearsanta agus roinnt staitisticí comhiomlána gan ainm ó gach cuairteoir ar ár láithreáin ghréasáin agus ó úsáideoirí ár n-aipeanna, beag beann ar cibé acu a thugann tú an fhaisnéis sin dúinn go gníomhach, nó nach ndéanann tú ach láithreáin ghréasáin dár gcuid a bhrabhsáil nó aipeanna dár gcuid a úsáid. Áirítear leis an bhfaisnéis a bhailímid seoladh prótacail Idirlín (IP) an ghléis atá á úsáid agat, na bogearraí brabhsálaí a úsáideann tú, do chóras oibriúcháin, dáta agus am na rochtana, seoladh idirlín an láithreáin gréasáin ónar tháinig tú chuig ár láithreán gréasáin agus faisnéis maidir leis an gcaoi a n-úsáideann tú ár láithreáin ghréasáin nó ár n-aipeanna.
Bainimid úsáid as an bhfaisnéis sin le gur féidir linn a fháil amach an bhfuil ár láithreáin ghréasáin agus aipeanna ag obair go maith, cén chaoi a n-úsáidtear iad agus cé na rudaí is mó a mbreathnaíonn úsáideoirí orthu.
Bailímid agus láimhseálfaimid faisnéis faoin gcaoi a dtagann tú i dteagmháil lenár bhfeachtais bholscaireachta agus fógraíocht ar líne lasmuigh dár láithreáin ghréasáin féin (mar shampla, ar Google, YouTube agus ar na meáin shóisialta).
Úsáidimid fianáin agus teicneolaíochtaí cosúla leis an bhfaisnéis sin a bhailiú den chuid is mó.
Fianáin
Úsáidimid fianáin ar ár láithreáin ghréasáin agus inár n-aipeanna. Is éard atá i gceist le “Fianáin” ná comhaid bheaga téacs a shábhálann láithreáin ghréasáin ar do ghléas trí do bhrabhsálaí gréasáin. Tá siad ar an bhfód ó bhí lár na 1990idí ann agus iad ar cheann de na teicneolaíochtaí is forleithne úsáid ar an Idirlíon.
Baileofar sonraí pearsanta maidir leatsa i gcuid de na fianáin a úsáidimid ag Dyson. Is de réir an pholasaí príobháideachais seo a úsáidfear aon sonraí pearsanta a bhaileofar fút. Má leanann tú de láithreáin ghréasáin agus aipeanna dár gcuid a úsáid, glacann tú leis go socrófar fianáin ar do ghléas.
Féach ár bpolasaí fianán le tuilleadh faisnéise a fháil, lena n-áirítear na cineálacha fianáin a úsáidimid agus an chaoi le fianáin a shocraítear ar ár láithreáin ghréasáin a bhainistiú. Tabhair do d'aire nach dtugaimid aird ar chomharthaí ‘Ná Rianaigh’ (DNT) faoi láthair.
Cumarsáid R-phoist
Mar dhuine a úsáideann táirgí nó seirbhísí dár gcuid, cuirfimid teachtaireachtaí cumarsáide tacaíochta chugat tríd an r-phost. Ar chuntar go bhfuil tú sásta go ndéanfaimis amhlaidh, ba mhaith linn tú a choinneáil ar an eolas faoi rudaí atá ag tarlú ag Dyson a gcuirfeá spéis iontu, dar linn; cibé acu is iad na táirgí is déanaí fógairt againn, tairiscintí d'úinéirí nó imeachtaí atá ar na bacáin, is mian linn a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcumarsáid a dhéanaimid leat. Is féidir leat a fháil amach cén chaoi do rogha a nuashonrú nó a athrú maidir le cibé acu is mian nó nach mian leat scéala a fháil uainn, nó stop a chur orainn teagmháil a dhéanamh leat, sa chuid thíos dar teideal 'Cén chaoi ar féidir leat an bealach a ndéanaimid teagmháil leat a athrú?'
Bailímid faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú r-phoist uainn; cibé acu an bhfaigheann tú iad, an osclaíonn tú iad, an roghnaíonn tú tuilleadh faisnéise a fháil faoi na rudaí atá ag tarlú ag Dyson (mar shampla, trí chliceáil ar nasc i r-phoist uainn) agus an iarrann tú orainn gan teagmháil a dhéanamh leat a thuilleadh (trí chliceáil ar an rogha díliostála a bhíonn i ngach comhfhreagras r-phoist uainn).
Bainimid úsáid as an bhfaisnéis sin uaithi féin agus i dteannta do thaifid custaiméara (an fhaisnéis a chomhroinneann tú linn) lena chinntiú go stopfaimid teachtaireachtaí cumarsáide tacaíochta nó margaíochta a chur chugat a luaithe a iarrann tú orainn. Úsáidimid an fhaisnéis sin freisin d’fhonn ár gcuid r-phost a dhéanamh chomh suimiúil agus is féidir ach inneachar agus eispéiris a chur ar fáil duit a gcuirfidh tú spéis iontu, dar linn, bunaithe ar an gcaoi ar úsáid tú r-phoist uainn roimhe sin; tá sé de cheart agat cur i gcoinne úsáid do chuid faisnéise againn chun na críche sin (féach an chuid thíos dar teideal ‘Do rialuithe agus roghanna').
Na Meáin Shóisialta
Is breá linn a bheith ag idirghníomhú leat ar na meáin shóisialta. Is féidir leat úsáid a bhaint as na meáin shóisialta le teagmháil a dhéanamh linn faoi do tháirgí Dyson, nó le do thuairimí ar do tháirge Dyson a chur in iúl do dhaoine eile. Déanaimid athbhreithniú ar na meáin shóisialta agus ar láithreáin ar líne atá ar fáil go poiblí le tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil á rá ag daoine fúinn, agus faoinár dtáirgí, dteicneolaíochtaí agus seirbhísí, agus le cabhrú le tomhaltóirí ar fearr leo teagmháil a dhéanamh linn trí na meáin shóisialta.
Uaireanta áirítear leis an bhfaisnéis a bhailímid ó na meáin shóisialta agus láithreáin ar líne (Facebook, YouTube, Twitter, Pinterest, Line agus Snapchat ina measc) sonraí pearsanta a cuireadh ar líne agus atá ar fáil go poiblí. I gcás aon fhaisnéis a úsáidimid, déanaimid cinnte de go luaitear an fhoinse cheart nó go ndéantar anaithnid í.
Is iondúil go mbíonn a bpolasaí príobháideachais féin ag na láithreáin ar líne agus na meáin shóisialta sin, áit a mínítear na bealaí a n-úsáideann agus a gcomhroinneann siad do chuid sonraí pearsanta. Ba chóir duit súil ghéar a chaitheamh ar na polasaithe príobháideachais sin sula n-úsáidfidh tú na láithreáin lena chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéanfar do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a chomhroinnt.
Faisnéis a bhailímid ag siopaí, seastáin agus imeachtaí dár gcuid
Is féidir leat sonraí pearsanta a chomhroinnt linn nuair a thugann tú cuairt phearsanta orainn i siopaí agus ag seastáin agus imeachtaí dár gcuid; mar shampla, d'ainm, sonraí teagmhála agus faisnéis íocaíochta (féach an t-alt thuas dar teideal "Faisnéis a chomhroinneann tú linn").
Bailímid sonraí pearsanta fút trí TCI, scannánú agus grianghrafadóireacht chomh maith. Is chun críocha slándála a úsáidtear ceamaraí TCI go príomha; i gcuid dár siopaí, cabhraíonn siad linn líon na gcustaiméirí a mheas (is éard atá i gceist leis sin ná líon na ndaoine a théann isteach sa siopa agus a thagann amach as). Glacfaimid físeáin agus grianghraif ag cuid dár n-imeachtaí agus taispeántais (mar shampla, nuair a osclaímid siopa nua); úsáidimid físeáin agus grianghraif chun críocha gnó (mar shampla, iad a phostáil ar ár leathanaigh meán sóisialta). Cuirfimid comharthaí in airde nuair atá TCI i bhfeidhm i siopaí, ag seastáin nó ag imeachtaí dár gcuid, agus cuirfimid in iúl duit go mbaileoimid sonraí pearsanta fút má bhíonn sé beartaithe againn físeáin nó grianghraif a ghlacadh.
Má tá Wi-Fi nó Bluetooth cumasaithe agat ar d'fhón (nó gléas eile) nuair a thugann tú cuairt ar ár siopaí, seastáin agus imeachtaí, baileoimid méid teoranta sonraí pearsanta ó do ghléas freisin trí rabhcháin suiteáilte ag na háiteanna sin. Is tarchuradóirí beaga gan sreang iad rabhcháin agus ceanglaíonn siad le gléasanna cliste (fóin chliste, mar shampla) trí Bluetooth.
Faisnéis a bhailímid ó sholáthraithe sonraí tríú páirtí
Ní bhaileoimid faisnéis ach ó thríú páirtithe a bhfuil cead uait faighte acu chun do chuid sonraí a roinnt. Cuimsítear leis sin sonraí comhiomlánaithe déimeagrafacha agus stíle maireachtála a thugann léargas dúinn ar shaibhreas coibhneasta na dteaghlach laistigh de do chomharsanacht ó sholáthraithe sonraí tríú páirtí, rud a chabhraíonn linn eispéireas úinéara níos ábhartha a thabhairt duit de bharr gur féidir linn tairiscintí a chur ar do shúile duit díreach ag an am ceart, agus seirbhísí agus comhairle níos ábhartha a thabhairt duit.