Fianáin bhunriachtanacha
Fianáin lena mbaineann feidhmeanna bunriachtanacha, agus cuireann siad ar do chumas bogadh thart ar na láithreáin ghréasáin agus a ngnéithe a úsáid. Mar shampla, nuair a logálann tú isteach ar do chuntas Dyson, is i bhfianáin a chuimhnítear ar an bhfaisnéis atá i do chuntas.
Cuirimid faisnéis a bhailítear ó fhianáin le chéile le haon taifid atá againn ort mar chustaiméir de chuid Dyson. Mar shampla, cuirimid faisnéis a bhailítear ó fhianáin le chéile le faisnéis phearsanta a chomhroinneann tú linn, nó le faisnéis ó tháirgí de chuid Dyson, le próifíliú agus anailís staitistiúil a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí, ar d’iompar nuair a úsáideann tú láithreán gréasáin de chuid Dyson, nó ar an gcaoi a n-úsáidtear táirgí de chuid Dyson.
Déanfaimid athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar an bhfógra seo. Is i mí na Samhna 2020 a rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an bhfógra seo den uair dheireanach. Má athraímid an fógra ar bhealach lena ndéantar athrú mór ar an gcaoi a mbíonn do chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil againn, iarrfaimid ort freisin a dheimhniú go bhfuil tú sásta leis na hathruithe sin.
Tá aistriúchán déanta ar an bhfógra fianán seo ó Bhéarla go dtí teanga oifigiúil roinnt tíortha éagsúla. Rinneamar amhlaidh d’fhonn a chinntiú go mbeadh an fógra seo soiléir, sothuigthe do gach duine a úsáideann láithreáin ghréasáin, aipeanna agus táirgí nasctha dár gcuid. Mura mbeidh na haistriúcháin ar an bhfógra fianán seo ag teacht leis an mbunleagan nó má bhíonn siad ag teacht salach ar a chéile, áfach, tabharfar tús áite don leagan i mBéarla.
Roghnaigh teanga