Fógra maidir le Táirgí Cliste de chuid Dyson

Táimid tiomanta dá chinntiú go ndéantar do chuid faisnéise pearsanta a chosaint agus nach mbaintear mí-úsáid aisti choíche. Nuair a íoslódálann tú an aip Dyson Link, is féidir leat aon mheaisín cliste de chuid Dyson a rialú agus monatóireacht a dhéanamh air le d’fhón.

Leathnaigh chun fógra iomlán meaisíní cliste a léamh

Fógra meaisíní cliste titim

  • Meaisíní cliste

    Leigh Nios mo
    Léigh níos lú
     Sonraí a bhailítear
    An chaoi a n‑úsáidtear na sonraí 
    How it is used 
    Tríú páirtithe 

    Aip Dyson Link


    Is féidir an aip Dyson Link a úsáid chun táirgí a bhainistiú agus a rialú le d’fhón. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar an leathanach Baile Cliste.


    Bailíonn an aip Dyson Link na sonraí seo a leanas:

    • faisnéis logála isteach (amhail do sheoladh ríomhphoist agus do phasfhocal);
    • faisnéis ar do ghléas (amhail an córas oibriúcháin, branda an ghléis, agus sonraí anailísíochta ar an úsáid);
    • sonraí feidhmíochta an táirge; agus
    • sonraí maidir le fianáin (féach an fógra fianán chun tuilleadh faisnéise a fháil).
     Úsáidtear do chuid sonraí chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
    • do chuntas ar an aip a dhaingniú ionas nach féidir le haon duine eile é a úsáid;
    • an aip a choinneáil ag feidhmiú go réidh trí fhadhbanna a chur in iúl dúinn;
    • a chinntiú go n‑oibríonn sé le do ghléas;
    • agus anailísíochtaí lena n‑áirítear an chaoi a n‑úsáideann tú an aip agus do chuid táirgí Dyson

     Úsáideann Dyson roinnt tríú páirtithe chun cabhrú linn seirbhísí a chur ar fáil dúinn. Mar shampla, úsáidimid soláthraithe néalseirbhísí tríú páirtí amhail Amazon Web Services agus Google Cloud chun d’fhaisnéis cuntais agus do shonraí logála isteach a choinneáil ar bhealach daingean i gcomhréir leis an dlí.

    Ina theannta sin, comhroinnimid do chuid sonraí leis na tríú páirtithe má d’iarr tú orainn déanamh amhlaidh. Mar shampla, más rud é go nascann tú an aip le cúntóir gutha amhail Alexa, Google Home agus Siri.

     

    Íontóirí cliste – raon íon de chuid Dyson 


    Déanann an raon íon monatóireacht ar cháilíocht an aeir sa seomra ina bhfuil an táirge. Úsáidtear sonraí ó do tháirge chun cur síos cruinn a thabhairt duit ar cháilíocht an aeir i do theach.  D’fhéadfaimis do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe a thacaíonn linn chun seirbhísí a chur ar fáil duit. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachtaí cleamhnaithe tríú páirtí i margaí Dyson úsáid a bhaint as sonraí úsáide i gcás ina ndéantar seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a chur amach ar conradh. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin nuair a nascann tú an táirge cliste leis an aip Dyson Link. Féach an fógra faisnéise chun tuilleadh faisnéise a fháil. 

     Soilsiú


    Baineann ár raon táirgí soilsithe úsáid as Bluetooth chun nascadh leis an aip Link, murab ionann agus na táirgí eile a mbíonn Wi-Fi in úsáid acu. Cuireann an aip Link ar do chumas próifílí soilsithe a chruthú lena mbailítear sonraí breise amhail d’aois agus do shuíomh. Úsáidimid faisnéis maidir le d’aois agus do shuíomh chun an dath ceart agus an ghile cheart do do shúile a dhéanamh amach.  D’fhéadfaimis do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe a thacaíonn linn chun seirbhísí a chur ar fáil duit. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachtaí cleamhnaithe tríú páirtí i margaí Dyson úsáid a bhaint as sonraí úsáide i gcás ina ndéantar seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a chur amach ar conradh. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin nuair a nascann tú an táirge cliste leis an aip Dyson Link. Féach an fógra faisnéise chun tuilleadh faisnéise a fháil.

    Folúsghlantóirí róbait Dyson


    Úsáideann róbait Dyson 360° Eye chun a mbealach a dhéanamh timpeall an tí.


    Úsáideann Dyson 360 Eye™ braiteoirí infridhearga (IR) chun mapa a dhéanamh den achar atá glanta aige gach uair a ghlanann sé le go dtuigeann sé an t‑achar atá le glanadh i gcónaí. 


    Úsáideann Dyson 360 Heurist™ a bhraiteoirí chun mapa a chruthú den teach. Cuireann sé sin ar do chumas na zóin sa teach atá le glanadh ag an róbat a chur in oiriúint, an mód cumhachta atá le húsáid i ngach zón, mar aon le zóin is ceart a sheachaint.  

    Fanann íomhánna ó cheamara 360 Eye ar do mheaisín féin, agus ní bheidh rochtain ag Dyson orthu. 

    Seoltar sonraí mapála ón nglanadh chuig an aip Link ar bhealach daingean le gur féidir leat féachaint ar an limistéar atá glanta ag an róbat. 

    Stóráiltear an aip go daingean ar an aip Link agus is féidir é a mhionathrú agus a chur in oiriúint.  

    D’fhéadfaimis do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe a thacaíonn linn chun seirbhísí a chur ar fáil duit. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachtaí cleamhnaithe tríú páirtí i margaí Dyson úsáid a bhaint as sonraí úsáide i gcás ina ndéantar seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a chur amach ar conradh. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin nuair a nascann tú an táirge cliste leis an aip Dyson Link. Féach an fógra faisnéise chun tuilleadh faisnéise a fháil.

    Gléasanna eile de chuid Dyson


    Bailíonn an táirge sonraí úsáide agus feidhmíochta agus é in úsáid. Fanann an fhaisnéis ar an ngléas agus ní aistrítear chuig Dyson í. I gcás ina mbíonn fadhb agat leis an táirge, nó ina mbíonn locht air, úsáidfidh Dyson na sonraí sin chun teacht ar bhealach lena réiteach. Ní féidir le Dyson na sonraí sin a rochtain ach amháin nuair a bhíonn rochtain fhisiciúil againn ar an micrishlis sa mheaisín. D’fhéadfaimis do chuid sonraí a roinnt le tríú páirtithe a thacaíonn linn chun seirbhísí a chur ar fáil duit. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachtaí cleamhnaithe tríú páirtí i margaí Dyson úsáid a bhaint as sonraí úsáide i gcás ina ndéantar seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a chur amach ar conradh. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin nuair a nascann tú an táirge cliste leis an aip Dyson Link. Féach an fógra faisnéise chun tuilleadh faisnéise a fháil. 
    Leigh Nios mo Léigh níos lú